Open menu
14 Mar 2023

EYE2023: Smaointe le haghaidh Eoraip níos fearr

Image
EYE2021

Tá EYE2023 ag teannadh linn – beidh sé ag tarlú an 9 agus 10 Meitheamh! – agus táimid ag súil le fáilte a chur roimh na mílte daoine óga ó gach cearn den Aontas Eorpach agus níos faide i gcéin i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg agus ar líne. Tabharfar deiseanna dóibh a smaointe ar thodhchaí na hEorpa a roinnt agus a mhúnlú. 

Roimh an imeacht, teastaíonn uainn na céadta smaointe a roinn daoine óga cosúil leatsa ar youthideas.eu a fhorbairt. Seoladh an t-ardán in 2018 chun deis labhartha a thabhairt do dhaoine óga faoi ábhair a bhfuil tábhacht ag baint leo. Rinneamar athdhearadh air le déanaí. Anois, is féidir smaointe nua a roinnt agus cinn atá ann cheana a fhorbairt. Is féidir é sin a dhéanamh trí aird a tharraingt ar eagraíochtaí, tionscadail agus daoine aonair atá ag obair ar na smaointe sin ar bhonn áitiúil.  

 

Conas is féidir leatsa cur leis? 

Ar youthideas.eu, bíonn an deis agat: 

  • do thuairimí a roinnt faoi smaointe agus vótáil ar son na smaointe is fearr leat; 
  • do bharúil a thabhairt faoi smaointe agus tionscnaimh a roinn daoine eile agus iad a fhorbairt; 
  • samplaí a roinnt de thionscadail agus dea-chleachtais i leith obair atá á déanamh ar smaointe atá ann cheana; 
  • tuilleadh eolais agus acmhainní a bhaineann leis na hábhair a aimsiú sa Tuarascáil ar Smaointe na nÓg; 
  • agus smaointe nua a chur isteach! 

 

An bhfuil sé i gceist agat freastal ar EYE2023? 

Le linn EYE, beidh na smaointe a cuireadh isteach ar youthideas.eu ar taispeáint san Ideas Hub. Tá Mol na Smaointe gar don Seomra Tionóil. Is spás tiomnaithe é ina mbeidh an deis agat a bheith rannpháirteach ar shlite éagsúla: 

  • san Ideas Development Corner, is féidir do smaointe a fhorbairt, labhairt le heagraíochtaí na nÓg agus tuilleadh a fháil amach faoi dheiseanna atá ann cheana; 
  • sa Networking and Chill-out Area, is féidir líonrú agus do smaointe a phlé le chéile i dtimpeallacht shuaimhneach; 
  • san Expert Corner, beidh deis agat do smaointe a phlé le saineolaithe. Ar an gcaoi sin is féidir snas a chur ar na smaointe agus tuilleadh a fháil amach faoi reachtaíocht agus inniúlachtaí ábhartha an Aontais;  
  • sa Digital Corner, beidh an deis agat do smaointe agus do bharúlacha a chur isteach ar youthideas.eu;  
  • ar deireadh, beidh Photo Area againn freisin, chun gur féidir leat grianghraf a fháil mar chuimhneachán ar an lá!

 

Ní féidir leat freastal ar EYE2023 i bpearsa? Ná bí buartha – is féidir do thuairimí a chur in iúl fós féin. Ag EYE2023, tabharfar cuireadh do rannpháirtithe ar líne agus as líne cur le hardán youthideas.eu trí aip EYE agus tríd an leagan den leathanach atá curtha in oiriúint do ghléasanna soghluaiste

Foilseofar na smaointe is mó suime a phléifear ag EYE2023 sa Tuarascáil ar Smaointe na nÓg a scríobhfaidh eagarthóirí óga. 

 

An dteastaíonn uait do smaoineamh thabhairt ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile?  

Tar éis EYE, beidh foireann d’oibrithe deonacha, ar a dtugtar EYEdea boosters, freagrach as na smaointe is mó suime a chur i láthair na bhFeisirí agus an lucht ceaptha beartais ag an EYE Hearing sa Bhruiséil i bhFómhar 2023. 

  

Cad a tharlóidh tar éis an EYE Hearing? 

Beifear fós ag lorg smaointe faoi thodhchaí na hEorpa tar éis an EYE Hearing. Téigh isteach i lecheile.eu chun bualadh agus nascadh le daoine atá chomh tógtha céanna leis an Eoraip agus déan beart faoi na ceisteanna agus na smaointe a bhfuil suim agat iontu.