Open menu

Beartas Modhnóireachta

Go raibh maith agat as am a thógáil chun an beartas modhnóireachta seo a léamh. Nuair a bheidh tú ag roinnt do chuid smaointe, ná dearmad na rialacha simplí seo a leanas le do thoil.

Bí múinte, measúil le daoine eile. Is mian linn go mbeadh ár suíomh gréasáin ina spás ina mbraitheann gach duine, gan beann ar náisiúntacht nó claonadh polaitiúil, gur féidir leo a bheith páirteach. Chun é sin a chinntiú, ní féidir linn glacadh le barúlacha atá maslach iontu féin nó gur léir iad a bheith maslach do dhaoine eile.

Ná lig ort féin gur duine éigin eile thú. Níor cheart duit smaointe agus barúlacha a roinnt agus ansin a rá gur duine eile a dúirt iad. Níl sé ceart ná cóir duine éigin eile a phearsanú agus d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith mar thoradh air.

Ná déan idirdhealú. Iarraimid ort gáirsiúlacht agus teanga mhaslach eile a sheachaint (ní ghlacfar le ciníochas, seineafóibe, gairm ar fhoréigean, idirdhealú bunaithe ar reiligiún, bunús eitneach, inscne, aois, teanga, ná le teachtaireachtaí ainmheasartha nó conspóideacha…). Le hómós d’íospartaigh agus iarshaighdiúirí de chuid an Dara Cogadh Domhanda, bainfimid ráitis a dhéanann tagairt do na Naitsithe, an tAontas Sóivéadach, Hitler nó Stalin. 

Fíricí amháin. Cé go gcuirfimid fáilte roimh thuairimí éagsúla, ní ghlacfaimid le faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a chuirtear i láthair mar ábhar nuachta agus a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dá gcreidfeadh daoine í. Ní fhoilseoimid aon ráitis a chuireann teoiricí comhcheilge chun cinn ach oiread. Tá ráitis atá clúmhillteach, mídhleathach nó a dhéanann sárú ar chóipcheart in aghaidh ár rialacha freisin agus ní fhoilseofar iad.

Cloígh leis an ábhar agus, le do thoil, ná tabhair faoi fhéinbholscaireacht. Molaimid duit smaointe a bhaineann leis an ábhar a phostáil agus bheimis buíoch díot gan ráitis a dhéanann fógraíocht nó féinbholscaireacht a phostáil (do do ghnólachtaí, blaganna, suíomhanna gréasáin, etc…). Baineann sé seo le feachtasaíocht pholaitiúil ar leibhéal náisiúnta freisin. Ní fhoilseofar turscar ná míreanna eile nach mbaineann le hábhar. 

Níl aon ghá le sonraí pearsanta. Le do thoil, ná roinn do shonraí pearsanta mar nach bhfuil aon ghá leo chun do smaointe nó barúlacha a roinnt. Dá bhrí sin, má thugtar sonraí pearsanta, bainfear iad/ní fhoilseofar iad.