Open menu

Téarmaí Úsáide

Tuairisc

suíomh is ea youthideas.eu a ligeann do dhaoine óga a smaointe agus a mbarúlacha a roinnt ar thopaicí Eorpacha reatha. Is é an aidhm atá ann ná idirphlé leanúnach a chruthú idir Parlaimint na hEorpa agus saoránaigh óga chun a dtuairimí agus a smaointe ar mholtaí beartais a chur san áireamh.

Tá an suíomh faoi úinéireacht an Aontais Eorpaigh; déanann Parlaimint na hEorpa ionadaíocht air, agus forbraíodh é chun cumhacht a thabhairt do shaoránaigh óga agus d’eagraíochtaí óige ról gníomhach a bheith acu sa todhchaí níos fearr a dhéanamh san Aontas.

Léirítear na príomhthopaicí atá le plé sa chuid 'Cad is ábhar suime duitse?' agus roinntear iad sna 11 chatagóir seo a leanas:  

  • An t-athrú aeráide agus an comhshaol
  • Cultúr agus na meáin
  • Daonlathas
  • Oideachas
  • An tAontas sa domhan mór
  • Sláinte agus spórt
  • Cearta an duine
  • Fostaíocht, an geilleagar agus an claochlú digiteach 
  • Imirce
  • Slándáil
  • Ceartas sóisialta
  • Nithe eile

Is féidir le húsáideoirí smaointe a chur isteach faoi na topaicí sin nó is féidir leo trácht a dhéanamh ar smaointe a chuireann daoine eile isteach agus a fhoilsítear ar an suíomh. 

Is féidir le húsáideoirí smaointe a chuireann daoine eile isteach a fhorbairt tuilleadh i bhfoirm barúla trí shamplaí de thionscadail áitiúla, de thionscnaimh agus d’eagraíochtaí atá ag obair ar na smaointe sin a chur leo. 

Feidhmiúlacht

Is féidir le húsáideoirí rannchuidiú leis ar dhá bhealach:

Is féidir leo smaoineamh úrnua a roinnt. Leis sin a dhéanamh, caithfidh siad cliceáil ar an mbosca dar teideal Cén smaoineamh atá agat? Beidh orthu topaic a roghnú, agus a gcéad ainm, a seoladh ríomhphoist, a dteanga agus a smaoineamh a chur leis. Chun go mbeidh siad in ann a smaoineamh a chur isteach, beidh orthu glacadh leis an mBeartas Modhnóireachta, leis na Téarmaí Úsáide agus leis an bhfógra Cosanta Sonraí de chuid 'youthideas.eu'. Tabhair do d'aire gurb iad na sonraí sin amháin atá ag teastáil chun smaointe a chur isteach. Iarrtar ar úsáideoirí staonadh ó shonraí pearsanta eile nach bhfuil géarghá leo a roinnt. Dá bhrí sin, má thugtar na sonraí sin bainfear iad/ní fhoilseofar iad. 

Ní fhoilseofar a smaoineamh go huathoibríoch. Déanfaidh grúpa eagarthóirí athbhreithniú agus eagarthóireacht air, ar choinníoll nach bhfuil an bhunbhrí saofa. Má bhíonn an smaoineamh a chuirfear isteach cosúil leis na smaointe arna gcur isteach ag daoine eile, féadfar é a chumasc agus a fhoilsiú ansin. Dá bhrí sin, féadfar smaointe a fhoilsiú ar bhealach atá éagsúil ón gceann arna chur isteach ag úsáideoir ar an gcéad ásc.  

Is féidir leo barúil a roinnt. Leis sin a dhéanamh, caithfidh siad úsáid a bhaint as an spás dar teideal An bhfuil tuairimí agatsa faoin smaoineamh seo? a chuirtear ar fáil faoi gach smaoineamh. Beidh orthu a mbarúil a roinnt ar an spás ionadchoinneálaí, ansin beidh orthu cliceáil ar Ar aghaidh, agus a gcéad ainm, a seoladh ríomhphoist agus a dteanga a thabhairt, agus glacadh leis an mBeartas Modhnóireachta, leis na Téarmaí Úsáide agus leis an bhfógra Cosanta Sonraí de chuid 'youthideas.eu'. Tabhair do d'aire gurb iad na sonraí seo amháin atá ag teastáil chun smaointe a chur isteach. Iarrtar ar úsáideoirí staonadh ó shonraí pearsanta eile nach bhfuil géarghá leo a roinnt. Dá bhrí sin, má thugtar na sonraí sin bainfear iad/ní fhoilseofar iad. 

Ansin, caithfidh siad 'cuir isteach' a bhrú. Má bhíonn a mbarúil i gcomhréir lenár mBeartas Modhnóireachta, foilseoidh an grúpa eagarthóirí í. Ar deireadh, baileofar achoimre de na smaointe agus de na barúlacha sin sa Tuarascáil ar Smaointe na nÓg a dháilfear ar gach Feisire de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna) le linn Éisteacht EYE a bheidh ar siúl i bhfómhar 2023. 

Cé hiad na daoine a fhéadfaidh youthideas.eu a úsáid?

Féadfaidh aon duine atá ina chónaí laistigh de AE, nó lasmuigh de, agus atá 13 bliana d’aois ar a laghad youthideas.eu a úsáid. Caithfidh cead tuismitheora nó caomhnóra dhlíthiúil a bheith ag mionaoisigh (faoi aois 18) chun youthideas.eu a úsáid. Tá tuismitheoirí nó caomhnóirí dlíthiúla mionaoisigh faoi cheangal ag na Téarmaí Úsáide seo agus tá siad freagrach as an úsáid a bhaineann a leanbh as youthideas.eu. I gcás ina dtugtar eolas bréagach (e.g. maidir le haois), coinníonn Parlaimint na hEorpa an ceart an cuntas a chealú agus a scriosadh, mar aon le gach gníomhaíocht a bhaineann leis an gcuntas.

Chun smaoineamh nó barúil a chur isteach, ní chaithfidh úsáideoirí a bheith cláraithe. 

Na téarmaí is Infheidhme

Trí bharúil nó smaoineamh a chur isteach ar youthideas.eu, glacann gach úsáideoir leis na Téarmaí sin agus leis na beartais agus na fógraí breise seo a leanas: 

Féadfaidh an Pharlaimint na Téarmaí sin nó na beartais thuas a mhodhnú chun athruithe ar fheidhmiúlachtaí youthideas.eu a léiriú, nó ar chúiseanna dlí agus slándála. Cuirfidh an Pharlaimint úsáideoirí ar an eolas faoi aon mhodhnuithe substaintiúla ar na Téarmaí sin nó faoi aon cheann de na beartais thuas.

Fionraí agus foirceannadh

Chun feabhsú leanúnach a áirithiú, féadfaidh Parlaimint na hEorpa na seirbhisí ardáin a athrú agus mar thoradh air sin féadfaidh sí feidhmeanna, gnéithe nó ceanglais a chur leo nó a bhaint, agus/nó féadfaidh sí cuid de na seirbhisí a chur ar fionraí nó stop a chur leo go hiomlán. Dá réir sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa úsáid aon cheann de na seirbhisí a fhoirceannadh ar chúis ar bith gan aon dliteanas a bheith acu d’úsáideoirí i leith aon ghníomhaíochta den sórt sin.

Cearta Maoine Intleachtúla

Úinéireacht

Tá úsáideoirí a chuireann smaointe isteach nó a roinneann barúlacha ar an ardán youthideas.eu freagrach as a n-aighneachtaí uile, agus coinníonn siad na cearta maoine intleachtúla uile a bhaineann leo.

Ceadúnas d’úsáideoirí eile agus do Pharlaimint na hEorpa

Trí smaointe a chur isteach nó trí bharúlacha a roinnt ar an ardán youthideas.eu, deonaíonn úsáideoirí d’úsáideoirí eile agus do Pharlaimint na hEorpa, ceadúnas domhanda, neamheisiach, inaistrithe, saor ó ríchíosanna, neamhthráchtála, in-fhocheadúnaithe, chun a scríbhinní a úsáid, lena n-áirítear na cearta chun saothair dhíorthacha a atáirgeadh, a dháileadh, a mhodhnú, a chur in eagar, a achoimriú, a aistriú, a chruthú, a thaispeáint agus a chur in iúl don phobal i meán ar bith, chun an t-ardán youthideas.eu a oibriú, a chur chun cinn nó a fheabhsú nó chun gníomhaíochtaí na Parlaiminte a chur chun cinn. Aontaíonn siad freisin gan agóid a dhéanamh go luaitear nó nach luaitear a n-ainmneacha nuair a chuirtear a scríbhinní in iúl don phobal. 
Féadtar scríbhinní a scaipeadh ar shuíomhanna gréasáin na Parlaiminte, ar na meáin shóisialta, ar imeachtaí faisnéise agus rannpháirtíochta agus ar a bealaí cumarsáide eile go léir. 
Deonaítear an ceadúnas ar feadh tréimhse iomlán na gcóipcheart agus, i gcás inarb infheidhme, na cearta gaolmhara. Má bhaintear Ábhar anuas, cuirfear deireadh leis an gceadúnas le haghaidh úsáidí as sin amach ach ní le haghaidh úsáidí a cheadaítear sula mbainfear é.

Ceadúnas an tArdán a úsáid

Faoi réir na dTéarmaí seo, deonaítear ceadúnas neamheisiach, domhanda, neamh-inaistrithe, neamh-fho-cheadúnaithe agus inchúlghairthe d’úsáideoirí chun úsáid a bhaint as na bogearraí a sholáthraítear mar chuid de sheirbhisí ardáin youthideas.eu. 

Ceadúnas ábhar Pharlaimint na hEorpa a úsáid

Is maoin eisiach de chuid an Aontais Eorpaigh aon ábhar a chuireann Parlaimint na hEorpa ar fáil ar an ardán youthideas.eu agus féadfar é a úsáid i gcomhréir leis an bhfógra dlíthiúil ar shuíomhanna gréasáin na Parlaiminte. Geallann úsáideoirí go n-urramóidh siad na cearta maoine intleachtúla atá ag AE gan dochar do na cearta agus do na heisceachtaí dá bhforáiltear leis an dlí is infheidhme. 

Barántais

Trí smaointe a chur isteach nó barúlacha a roinnt i scríbhinn ar an ardán youthideas.eu, barántaíonn úsáideoirí gur fíor an méid seo a leanas:

  • is iadsan údar agus/nó sealbhóir cheart na scríbhinní agus/nó tá na ceadúnais agus an toiliú uile is gá faighte acu ó thríú páirtithe a bhfuil cearta acu ar na scríbhinní sin;    
  • tá siad i dteideal ceadúnas a dheonú do Pharlaimint na hEorpa agus d’úsáideoirí eile chun na scríbhinní a úsáid i gcomhréir leis na Téarmaí seo; 
  • níl aon chearta ag aon tríú páirtí ar na scríbhinní uaslódáilte a d’fhéadfadh teorainn a chur ar bhealach ar bith le cearta na Parlaiminte nó cearta úsáideoirí eile a eascraíonn as na Téarmaí seo;
  • ní sháraíonn scríbhinní a chuirtear isteach aon dlíthe nó cearta aon tríú páirtí amhail cóipchearta agus cearta gaolmhara, trádmharcanna, paitinní agus cearta príobháideachais .

Dliteanas

Tá úsáideoirí go hiomlán freagrach as a scríbhinní agus ceanglaítear orthu go sainráite gan ráitis chlúmhillteacha a dhéanamh agus gan aon sárú a dhéanamh ar an dlí maidir le cóipcheart, trádmharc, cosaint sonraí agus príobháideachas, ná aon cheart dlíthiúil eile, nó sárú den chineál sin a údarú.

Ní ghlacann Parlaimint na hEorpa le haon fhreagracht ná dliteanas sna cásanna sin agus beidh na húsáideoirí freagracha faoi dhliteanas i leith aon damáistí nó dliteanas eile a eascraíonn as sin.

Aontaíonn úsáideoirí go ndéanfaidh siad Parlaimint na hEorpa a chosaint, a shlánú agus a choimeád go neamhdhíobhálach ó aon éilimh, cásanna dlí nó imeachtaí a eascraíonn as aon sárú ar na Téarmaí sin, lena n-áirítear sáruithe ar chóipcheart tríú páirtithe agus ar chearta eile maoine intleachtúla.